Monaplacht: Difríocht idir leaganacha

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search
imported>Ionatán 13
m Feach Freisin: Réitíodh botún cló
 
(No difference)

Leagan reatha ó 01:00, 15 Eanáir 2025

Standard Oil in Ohio: Sampla mhonaplaí
Íomhá:Graf monaplachta.JPG
Barrachas agus neamhéifeachtúleacht i monaplacht
Íomhá:Graf monaplachta2.JPG
An sampla le feidhm mheánioncaim líneach
Íomhá:Graf iomaíocta foirfe.JPG
Iomaíocht fhoirfe leis an bhfeidhm mheánioncaim líneach céanna

Tagann an focal monaplacht ón nGréigis (μόνος monos nó 'aonarach', agus πωλεῖν polein nó 'díol'). Is é an monaplaí an díoltóir amháin sa mhargadh. Níl praghas-ghlacadóir é, mar atá in iomaíocht fhoirfe. Roghnaíonn sé an chainníocht agus íocann na tomhaltóirí an praghas. Is minic go mbíonn baic dul isteach i margadh monaplachta.

Comhairthaí matamaitice:

  • X : Cainnaíocht.
  • p : Praghas an earra.
  • D(p) : Feidhm an éilimh.
  • p(X) : Meánioncam.
  • c(X) : Feidhm an chostais (costas táirgeachta).
  • c(X)/X : Meánchostas táirgeachta an aschuir.
  • c(X) : Feidhm an chostais imeallaigh.
  • π : Brabús an mhonaplaí.

Gnólacht monaplachta atá ag iarraidh a bhrabús a uasmhéadú:

  • π(X)=p(X)Xc(X)

Brabús = Ioncam – costais táirgeachta

  • Uasmhéadaigh faoi X:

π(X)=0 (coinníollacha chéad ordú)

  • p(X)X+p(X)=c(X)

(Ioncam imeallach = Costas imeallach)

Sampla

Le feidhm mheánioncaim líneach: p(X)=abX agus costais imeallaigh seasmhacha c(X)=c agus a,b,c>0

  • π(X)=p(X)Xc(X)
  • π(X)=(abX)XcX
  • π(X)=aXbX2cX
  • π(X)=a2bXc=0
  • X=ac2b: an t-aschur a tháirgfidh an gnólacht i gcothromaíocht.
  • p=a+c2: an praghas a ghearrfar ar an aschur seo.
  • π=(ac)24b: brabús an mhonaplaí. Is féidir leis an monaplaí brabús osnormálta a thuilleamh.

I gcomparáid leis an iomaíocht fhoirfe, tá an margadh monaplachta ina mhargadh neamhéifeachtach, leis na toimhdí céanna. Is praghas-ghlacadóir é gach gnólacht in iomaíocht fhoirfe. Tá an praghas cothrom le costas imeallach (p*=c(X)).

N.B.: Ciallaíonn * an luach in iomaíocht fhoirfe.

Le feidhm mheánioncaim líneach p(X)=abX agus costais imeallaigh seasmhacha c(X)=c.

  • X*=acb: an t-aschur a tháirgfidh an tionscal i gcothromaíocht.
  • π*=0: brabús in iomaíocht fhoire.

Mar sin, is soléir go bhfuil an toradh in iomaíocht fhoirfe níós éifeachtúila mar bíonn an praghas níos ísle ná i monaplacht: a+c2>c

Féach Freisin