Leama Euclid

Ó testwiki
Leagan ó 04:30, 16 Márta 2024 le imported>HusseyBot
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Jump to navigation Jump to search

In uimhirtheoiric, leama tábhachtach is ea leama Euclid, maidir le roinnteoirí príomha.

Is é ráiteas leama Euclid mar a leanas: bíodh slánuimhreacha iad a,b agus bíodh uimhir phríomha í p. Má pab, ansin pa or pb. Úsáidtear an leama seo i gcruthúnas bunteoirim na huimhríochta.

Cruthúnas

Úsáideann an cruthúnas seo Leama Bézout. Bíodh a,b ina slánuimhreacha nach bhfuil cothrom le 0, agus bíodh d ina roinnteoir coiteann is airde an dá uimhir; ansin tá dhá shlánumhir x,y ann go bhfuil ax+by=d.

Glac leis gurb slánuimhreacha iad a,b, agus gurb uimhir phríomha í p, atá ina roinnteoir den uimhir ab. Má tá a inroinnte ar p, níl a thuilleadh le cruthú. Dá bhrí sin, glac leis nach bhfuil a inroinnte ar p. Mar sin is é 1 an roinnteoir coiteann is airde. De bharr Leama Bézout, tá dhá shlánuimhir x,y go bhfuil ax+py=1. Iolraigh an dá taobh faoi b chun abx+pby=b. Roinneann p an tslánuimhir ab, mar sin roinneann p an slonn abx+pby, agus dá bhrí sin tá b inroinnte ar p