Uimhir phríomha

Ó testwiki
Leagan ó 22:38, 24 Meitheamh 2024 le imported>Unripebanana
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Jump to navigation Jump to search

Sa mhatamaitic, is éard is uimhir phríomhaslánuimhir dheimhneach p níos mó ná 1 nach bhfuil aon roinnteoir aici ach 1 agus í féin, p.[1][2] Is uimhir ilchodach é slánuimhir deimhneach nach bhfuil ina huimhir phríomha. Bhí na huimhreacha príomha tábhachtach i gcónaí san uimhirtheoiric agus in a lán fearainn matamaiticiúil eile. Mar shampla, úsaidtear iad sa gcripteagrafaíocht nua-aimseartha.

Le fada tá uimhirtheoirícithe ag iarraidh feidhm f(n) a aimsiú, a tháirgfeadh uimhreacha príomha ach slánuimhreacha deimhneacha, n, a chur isteach inti, ach tá teipthe orthu go dtí seo.

Mar shampla, táirgeann f(n)=n2n+41 uimhreacha príomha nuair n<41, agus táirgeann f(n)=n279n+1601 uimhreacha príomha nuair n<80.

Thairg Pierre de Fermat gurbh uimhir phríomha í 22n+1 nuair is slánuimhir dheimhneach í n, ach cruthaíodh trí fhrithshampla nach fíor é seo: níl 225+1 príomh. Deirimid gur uimhir phríomha Fermat é uimhir phríomha atá scriofa mar p=22n+1 nuair is slánuimhir é n. Mar shampla, is iad 3, 5, 17 agus 257 ina uimhreacha phríomha Fermat.

Is é 282,589,9331 an uimhir phríomh is mó atá fhios againn ar. Faigheadh é i 2018 le linn an Great Internet Mersenne Prime Search, nó an GIMPS.[3] Is uimhir phríomha Mersenne é uimhir phríomha atá scriofa mar p=2n1.

An mhéad uimhir phríomha

Níl aon deireadh leis na uimhreacha phríomha. Rinne Euclid an chéad cruthú (atá fhios againn ) sa Ghréig thart ar 300 R.C.R.[4]

Teoirim Euclid

Níl deireadh leis na uimhreacha phríomha.

Cruthú le bréagnú: Glacaimid an ráiteas go bhfuil deireadh leis na huimhreacha phríomha. Mar sin is féidir linn iad a scríobh i liosta le gcríoch: p1,p2,,pr. Ansin, is féidir linn uimhir nua N a scríobh mar seo:

N=p1×p2×...×pr+1

Caithfidh go bhfuil N ina phríomhuimhir nó ina huimhir ilchodach.

Más uimhir phríomha é N, tá sé níos mó ná gach uile uimhir phríomh sa liosta p1,p2,,pr. Tugann sé sin le fios nach raibh N sa liosta, cé gurbh uimhir phríomha é. Léiríonn sé sin nach bhféidir le N bheith ina huimhir phríomha.

Más uimhir ilchodach é N, tá roinnteoir phríomh éigin p{p1,,pr}. Tá N agus p1××pr inroinnte ar p, agus ciallaíonn sé sin go roinneann Np1××pr=1 ar p. Ach tá p níos mó ná 1, agus ní bhféidir leis roinnean ar 1.

Tá sé léirithe againn nach bhfeidir le N bheith ina uimhir phríomha nó ina huimhir ilchodach, cé go bhfuil sé ina slánuimhir deimhneach. Is léir gur bréagach é ár ráiteas go bhfuil deireadh leis na uimhreacha phríomha.

Féach freisin

Tagairtí

Teimpléad:ReflistTeimpléad:Síol

  1. Teimpléad:Luaigh foilseachán
  2. nó uimhir dheimhneach iomlán, roinnteoir aon agus féin.
  3. Teimpléad:Cite web
  4. James Williamson (translator and commentator), The Elements of Euclid, With Dissertations, Clarendon Press, Oxford, 1782, page 63.