Dlí Dalton

Ó testwiki
Leagan ó 16:27, 27 Iúil 2019 le imported>TGcoa
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Jump to navigation Jump to search
Dlí Dalton


Sa teirmidinimic agus cheimic fhisiceach, maíonn Dlí Daltonː

"is ionann brú iomlán de mheascán de gháis agus suim na mbrúnna codánacha de gach gás ar leith díobh."

nó go bhfeidhmíonn gach gás ar leith, i meascán gás i soitheach, an brú céanna is a d'fheidhmeodh sé dá mbeadh sé ina aonar sa toirt sin, agus mar sin go bhfeidhmíonn páirtbhrú i gcomhréir le codán an gháis sin sa mheascán.[1]

Thug John Dalton an dlí eimpíreach seo faoi deara sa bhliain 1801 agus tá an dlí seo gaolta le na ghásdlíthe.

John Dalton

Míniú

Sa mhata, is féidir sainmhíniú a thabhairt ar bhrú mheascán de gháis éagsúla mar an suimiúchánː

Ptotal=i=1npi       nó      Ptotal=p1+p2++pn


Seasann p1, p2, pn do bhrúnna codánacha gach gás ar leith.

Á chur i gcás nach n-imoibríonn na gáis lena chéile.

 Pi=Ptotalxi

nuair atá xi = mólchodán an i-ú chomhbhall, sa mheascán iomlán de na m-chomhbhaill.

Tugann an ghaolmhaireacht atá ar thaispeáint ina dhiaidh seo, bealach dúinn chun tiúchan toirte gáis faoi leith a thomhais.

Pi=PtotalCi1,000,000

nuair atá: Ci = tiúchan an i-ú chomhbhall, curtha in iúl i gcodanna sa mhilliún nó ppm.

Tagairtí

Teimpléad:Reflist

de:Partialdruck#Dalton-Gesetz

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (p198), Coiscéim