Veicteoir

Ó testwiki
Leagan ó 19:26, 31 Nollaig 2024 le imported>Daithimac
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:Athbhreithniú I matamaitic, fisic agus innealtóireacht tá méid agus treo ag veicteoir Eoiclídeach. Is féidir na veicteoirí a shuimiú de réir an dlí de bhreis comhthreomharán. Uaireanta seasann deighleog líne do veicteoir Eoiclídeach. Tá treoir chinnte ag an líne agus ceangail idir pointe A agus pointe B agus tá mar ainm na AB..

Tá veicteoir riachtanach chun pointe A a iompar go dtí pointe B. Is é míniú an fhocail veicteoir as Laidin ná 'iompróir'. Is é méid an veicteoir ná achar idir an dá phointe.

Tá analógacha gar mar veicteoirí ag a lán oibríochtaí ailgéabracha ar réaduimhreacha, cosúil le suimiú, dealú, iolrú agus frithrá. Tá ról tábhachtach ag veicteoirí san fhisic. Déanann veicteoirí cur síos ar threoluas agus luasghéarú ar rud atá ag gluaiseacht agus fórsaí atá ag gníomhú air.