Cuar díchuimhne

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search
Léiriú den chuar díchuimhne a thaispeánann an fhaisnéis coinnithe ina leath tar éis gach lae

Is éard is cuar díchuimhne ann ná hipitéis faoin meath a thagann ar chuimhne duine le himeacht ama. Léiríonn an cuar seo conas mar a chailltear eolas ón gcuimhne le himeacht ama mura ndéantar iarracht é a choinneáil. Tá coincheap gaolmhar leis seo ar a dtugtar neart na cuimhne, a thagraíonn don fhad a mhaireann cuimhne san inchinn. Dá láidre an chuimhne, is faide a bheidh duine in ann cuimhneamh ar eolas. De ghnáth, léiríonn graf de chuair díchuimhne go mbíonn claonadh ag daoine leath dá gcuimhne ar eolas nua a chailleadh laistigh de chúpla lá nó seachtain, mura ndéanann siad athbhreithniú comhfhiosach ar an ábhar foghlamtha.

Tacaíonn an cuar díchuimhne le ceann de na seacht gcineál teipeanna cuimhne: díomuaine', arb é an próiseas díchuimhne a tharlaíonn le himeacht ama. [1]

Stair

An cuar díchuimhne, le sonraí bunaidh ó Ebbinghaus

Idir 1880 agus 1885, rinne Hermann Ebbinghaus staidéar teoranta, neamhiomlán air féin agus d’fhoilsigh sé a hipitéis s bhliain 1885 mar Teimpléad:Lang (aistrithe go Béarla níos déanaí mar Memory: A Contribution to Experimental Psychology ). [2] Rinne Ebbinghaus staidéar ar ar mheabhrú siollaí gan chiall, mar "WID" agus "ZOF" (CGCanna nó Consan-Guta-Consan) trí thástáil a dhéanamh air féin arís agus arís eile tar éis tréimhsí éagsúla ama agus na torthaí a thaifeadadh. Tharraing sé na torthaí seo ar ghraf ag cruthú rud ar a dtugtar anois an "cuar díchuimhne". [2] Rinne Ebbinghaus imscrúdú ar an ráta díchuimhne, ach níor scrúdaigh sé tionchar an athchleachtaidh tréimhsiúil ar mhéadú in-aisghabhála na gcuimhní. [3]

Áiríodh i bhfoilseachán Ebbinghaus cothromóid freisin chun a chuar díchuimhne a mheas go garbh.

b=100k(log(t))c+k

Tagairtí

Teimpléad:Reflist