Uimhirlíne
Jump to navigation
Jump to search
Sa bhunmhatamaitic, pictiúr de líne dhíreach chéimithe is ea uimhirlíne a fheidhmíonn mar teibíocht i gcomhair réaduimhreacha, sainchiallaithe ag . Glactar leis go bhfreagraíonn gach pointe san uimhirlíne do réaduimhir, agus gach réaduimhir do phointe.[1]
Is minic a thaispeántar na slánuimhreacha mar phointí marcáilte go speisialta atá spásáilte go cothrom ar an líne. Cé nach léiríonn an íomhá seo na slánuimhreacha ach ó -9 go 9, cuimsíonn an líne na réaduimhreacha go léir, ag leanúint go deo i ngach treo, agus uimhreacha nach bhfuil marcáilte atá idir na slánuimhreacha. Is minic a n-úsáidtear iad mar áiseanna teagaisc le haghaidh suimithe agus dealaithe simplí a mhúineadh, bainteach go háirithe le huimhreacha diúltacha.[2]
