Dlí Coulomb

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search
Tá méid an fhórsa leictreastatach F idir dhá phonclucht q1 agus q2 comhréireach go díreach le táirge mhéideanna na luchtanna agus comhréireach go hinbhéartach leis an fhad cearnaithe eatarthu. Éarann luchtanna cosúla a chéile, agus aomann luchtanna urchomhaireacha a chéile.

Is dlí turgnamhach fisice é Dlí Coulomb, [1]Dlí an Chearnfhaid Inbhéartaigh Coulomb, a chainníochtaíonn ar an méid an fhórsa idir dhá cháithnín atá luchtaithe go leictreach agus nach bhfuil ag bogadh. De ghnáth tugtar fórsa leictreastatachfórsa Coulomb ar an bhfórsa leictreach idir comhlachtaí luchtaithe atá ar fos.[2] D'aimsigh an fisiceoir Francach Charles-Augustin de Coulomb an dlí den chéad uair sa bhliain 1785, agus uaidh an t-ainm. Bhí dlí Coulomb riachtanach d’fhorbairt theoiric an leictreamaighnéadais, b’fhéidir fiú a phointe tosaigh, toisc go raibh sé indéanta méid an luchta leictreachais a phlé go ciallmhar.[3]

Deirtear sa dlí go bhfuil méid fhórsa leictreastatach an aomacháin nó an éartha idir dhá phonclucht comhréireach go díreach le táirge méideanna na luchtanna agus comhréireach go hinbhéartach leis an fhad cearnaithe eatarthu.[4]

Theip ó anailís na foirmle (Conversion error. Server ("https://wikimedia.org/api/rest_") reported: "Class "Wikibase\Client\WikibaseClient" not found"): {\displaystyle |F|=k_{\text{e}}{\frac {|q_{1}q_{2}|}{r^{2}}}}

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Teimpléad:Reflist

  1. Teimpléad:Cite book
  2. Teimpléad:Cite book
  3. Teimpléad:Cite book
  4. Coulomb (1785) "Premier mémoire sur l’électricité et le magnétisme," Histoire de l’Académie Royale des Sciences, pp. 569–577 — Coulomb studied the repulsive force between bodies having electrical charges of the same sign: Teimpléad:Blockquote Coulomb also showed that oppositely charged bodies obey an inverse-square law of attraction.