Feidhm easpónantúil

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search
An feidhm easpónantúil nádúrtha: y=ex

Sa mhatamaitic, is é is feidhm easpónantúil ann ná feidhm ina bhfuil an athróg ina heaspónant, mar shampla, 5x. Feidhm easpónantúil thábhachtach is ea y=ex a bhfuil mar airí aici, dydx=ex. Mar sin, tá ráta fáis ex i gcomhréir bheacht lena mhéid. De réir mar a fhásann y, is amhlaidh is mó a ráta fáis, agus tugtar fás easpónantúil nó scaoilte ar a leithéid. Ina fhoirm ghinearálta, y=Aekx, samhlaíonn an slonn seo próisis fhisiciúla cosúil le dlíthe an fháis (k dearfach) is an mheata (k diúltach), díluchtú toilleora agus meath radaighníomhach. Is í seo an tsraith easpónantúil: ex=1+x1!+x22!+x33!+x44!+ Is féidir na feidhmeanna triantánacha a shainmhíníu i dtéarmaí easpónant mar seo: sinx=12i(eix+eix), agus cosx=12(eix+eix). Chruthaigh Euler an toradh suntasach eiπ+1=0.[1]

Tagairtí

Teimpléad:Reflist Teimpléad:Fréamh an Eolais Teimpléad:Síol