Feidhmghrúpa

Sa cheimic orgánach, is éard is feidhmghrúpa ann ná páirt nó malartaí laistigh de mhóilín a mbíonn imoibrithe sainiúla aige. Mar shampla, bíonn an hiodrocsailghrúpa ( -OH) sainiúil do na halcóil, agus an t-aimíneaghrúpa (-NH2) sainiúil do na haimíní. Rachaidh an feidhmghrúpa céanna faoin imoibriú ceimiceach céanna nó a mhacasamhail, beag beann ar mhéid an mhóilín ar cuid de.[1]Ligeann sé seo tuartha córasach ar imoibrithe ceimiceacha agus iompar comhdhúile ceimiceacha agus dearadh sintéisí ceimiceacha. Ina theannta sin, is féidir le feidhmghrúpaí eile imoibríocht feidhmghrúpa a hathrú. I sintéis cheimiceach, tá idirthiontú feidhmghrúpa ar cheann de na cineálacha bunúsacha claochlaithe.
Hidreacarbóin
Is féidir le hadaimh charbóin naisc chomhfhiúsacha láidre a fhoirmiú le hadaimh eile carbóin, rud a chruthaíonn slabhraí agus fáinní adamh carbóin ar a dtugtar an cnámharlach carbóin. Is féidir leis an charbón naisc shingile, naisc dhúbailte agus naisc threasacha a fhoirmiú leis féin. Bíonn hidrigin nasctha le hadaimh charbóin fosta sa chnámharlach seo agus tugtar hidreacarbón ar an chomhdhúil a dhéantar, rud a chiallaíonn nach bhfuil ann ach carbón agus hidrigin. Is aicme de mhóilín iad hidreacarbóin a shainmhíníonn grúpaí feidhmiúla ar a dtugtar hidreacarbyl nach bhfuil iontu ach carbón agus hidrigin, ach a athraíonn ó thaobh líon agus ord na mbannaí dúbailte. Tá cineál (agus scóip) imoibríochta difriúil ag gach ceann acu.). Na comhdhúile a bhíonn ann dá thoradh seo, is gnách leo bheith níos imoibríche ná an hidreacarbón bunúsach. Tugtar feidhmghrúpaí ar ghrúpaí dá leithéid agus is iad na grúpaí seo a chinneann imoibriúcháin cheimiceacha an mhóilín. Lena rá ar dhóigh eile, tá an cheimic a bhaineann le comhdhúil orgánach á cinneadh ag a feidhmghrúpa agus is é an feidhmghrúpa an grúpa imoibríoch taobh istigh de chomhdhúil.[2]
| Aicmiú ceimiceach | Grúpa | Foirmle | Foirmle struchtúrach | Réimír | Iarmhír | Sampla |
|---|---|---|---|---|---|---|
| Alcán | Ailcil | R(CH2)nH | ailcil- | -án | Eatán | |
| Ailcéin | Ailceinil | R2C=CR2 | alkenyl- | -éin | Eitiléin (Eitéin) | |
| Ailcín | Alkynyl | RC≡CR' | alkynyl- | -ín | Aicéitiléin (Eitín) | |
| Díorthach beinséine | Feinil | RC6H5 RPh |
feinil- | -beinséin | Cumene (beinséiniseapróipile) |
Tagirtí
Tagairtí
Teimpléad:Reflist Teimpléad:Fréamh an Eolais Teimpléad:Síol
- ↑ Compendium of Chemical Terminology (IUPAC "Gold Book") Feidhmghrúpa
- ↑ Teimpléad:Cite encyclopedia