Formaildéad

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Comhdhúil Cheimiceach Is é an formaildéad nó an meatánal CH2O an ceann is simplí de na haildéid. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do chomhdhúile orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán uisce an fhormaildéid, an fhormailin, le heiseamail a thaisceadh sa bhitheolaíocht, sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le baictéir a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht cheimiceach. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.

Tá sé de chlaonadh san fhormaildéad polaiméiriú go paraformaildéad, trímhéiriú go 1,3,5-trí-ocsán, agus hiodráitiú go hiodráit formaildéid, nó meatándé-ól CHA2(OH)A2.

Úsáid

Baintear úsáid as formaildéad mar oibreán balsamaithe le corpáin mharbha a chaomhnú ar mhaithe le hadhlacadhmionghearradh.

Priacail don tsláinte

Cé gur ceimiceán nádúrtha é an formaildéad, baineann a lán contúirtí leis ó thaobh shláinte an duine de. Is carcanaigin (cúis ailse) é, agus cuireann sé as do na súile. Greannaíonn sé na seicní múcasacha fosta. An dóchar atá sa mheatanól (san alcól meitile) CHA3OH don duine tá sé bunaithe ar an dóigh a n-ocsaídítear an meatanól go formaildéad san orgánach dhaonna. I gcillíní na súl is mó a bhíos an t-ocsaídiú seo ar obair, rud a mhíníonn an scrios a dhéanann an meatanól do radharc na súl ag na daoine a thagann beo as an nimhiú meatanóil.


Teimpléad:Síol