Iarmhairt Joule-Thomson

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search
Iarmhairt Joule-Thomson

Is í an iarmhairt Joule-Thomson ná an t-athrú teochta i ngás nuair a ritheann sé amach trí shoc is a fhorbraíonn ansin.[1]

De ghnáth éiríonn teocht gáis nuair a fháisctear é; mar shampla, éiríonn teocht an aeir sa chónasc le linn aer a bheith á fháscadh isteach i mbonn rothair le teannán. Mar an gcéanna, nuair a scaoiltear aer atá faoi bhrú ard amach as soitheach, titeann an teocht. Tugtar iarmhairt Joule-Thomson ar na hathraithe teochta úd a tharlaíonn nuair a athraíonn an brú ar gháis.

μJT=(TP)H=VCp(αT1)

Titeann teocht na ngás go léir, seachas hidrigin, héiliam agus neon, tráth. Má bhíonn an gás ag teocht íseal cheana féin, fuaraítear a thuilleadh é.

Feidhm

Baintear feidhm as an airí seo chun ocsaigin is nítrigin a leachtú. Má bhíonn teocht an gháis bhunaidh níos mó ná teocht ar leith (an teocht inbhéartúcháin, a bhfuil luach sainiúil aici i gcás gach gáis: 620°C ag ocsaigin, 348°C ag nítrigin), is amhlaidh a théann an gás ansin lena fhorbairt

Stair

Tá an dlí nó iarmhairt ainmnithe as James Joule is William Thomson (an Tiarna Kelvin).

Féach freisin

Tagairtí

Teimpléad:Reflist