Maitrís

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search

Sa mhatamaitic, is éard atá i maitrís ná eagar ordaithe uimhreacha faoi rialacha cumtha ar leith. Is féidir na rialacha seo a léiriú leis an dá mhaitrís A is B thíos:

A=[abcd]
B=[pqrs]

Sainmhínítear suimiú mar seo:

A+B=[a+pb+qc+rd+s]

agus iolrú mar seo:

AB=[ap+braq+bscp+drcq+ds]

Is féidir go mbeidh líon ar bith línte is colún i maitrís. Nuar a bhíonn n líne is m colún ann, tugtar maitrís m × n uirthi. Shaothraigh an matamaiticeoir Francach Marie-Ennemond Camille Jordan (1838-1922), an matamaiticeoir Gearmánach Leopold Kronecker (1823-1891), agus daoine eile ailgéabar maitríseach, bunaithe ar luathshaothar an mhatamaiticeora Shasanaigh Arthur Cayley (1821-1895). Bhí siad ag iarraidh ailgéabar neamhchómhalartach a fhorbairt mar A · B ≠ B · A go ginearálta. Fuarthas an-chuid feidhmeanna do mhaitrísí ó shin, i dteoiric na dóchúlachta (slabhraí Markov), ciorcaid leictreacha/ leictreonacha, agus teoiric cluichí.[1]

Tagairtí

Teimpléad:Reflist Teimpléad:Fréamh an Eolais Teimpléad:Síol