Réimse (matamaitic)

Ó testwiki
Jump to navigation Jump to search

Sa mhatamaitic, go háirithe san ailgéabar teibí, is éard is réimse ann ná tacar K le oibríochtaí suimiú +, iolrú cómhalartach agus an roinnt, ar nós na n-uimhreacha cóimheasta . Is sórt fáinne spéisiúil é réimse, inarbh fhéidir roinnt ar eilimintí neamhnialasacha. Níl tacar na slánuimhreacha ina réimse, cé gur fáinne é, mar níl an roinnt sainmhínithe ann. Is é sin, ní fhaightear slánuimhir i gcónaí nuair a roinntear slánuimhir ar shlánuimhir eile. Mar shampla, má roinntear 5 ar 2, is í an uimhir chóimheasta 52 an fhreagra.

Sanasaíocht

Úsáidtear an focal corps sa Fhraincís, Körper sa Ghearmáinis, agus lichaam (corp) san Ollainis. Ach sa Béarla agus i bPléimeannais (Ollainnis na Beilge), úsáidtear na focail field agus veld (páirc nó réimse nó blár). Mar gheall ar obair na matamaiticeoirí Gearmánacha, is minic a chuireann na siombailí K,k, nó 𝕂 réimse éigin in iúl. Más réimse críochta é (is é sin, réimse ina bhfuil líon críochta eilimintí), scríobhtar 𝔽q, agus cuireann an foscript q an méid eilimintí in iúl. Is teoirim bhunúsach é i dteoiric na réimsí nach bhfeidir ach líon príomha p nó méid príomhcumhachtúil pn,n eilimintí a bheith i réimse críochta.

Samplaí

Is réimse é , na huimhreacha cóimheasta, ina bhfuil ={ab:a,b,gcd(a,b)=1} (is é gcd(a,b) an comhroinnteoir is mó atá ag a agus b. Is léir gurb é an réimse is lú a chuimsíonn .

Má tá q ina phríomhchumhacht, is ann do réimse a bhfuil q eilimint ann. Mar shampla, más q=5, is é 𝔽q={0,1,2,3,4} leis an uimhríocht modulo (féach ar leathanach an grúpa).

Teoiric na réimsí

Bhain cuid mhaith den ailgéabar teibí sna 19ú agus 20ú haois le réimsí. Ba é Évariste Galois ceann de na matamaiticeoirí is tábhachtaí agus is cáiliúla a rinneadh staidéar ar réimsí.

Teimpléad:Síol-mata